CONCERTO – DO CHAITLÍN MAUDE
Clár faisnéise ealaíona é Concerto Chaitlín Maude atá roinnte ina chúig ghluaiseacht. Baineann gach gluaiseacht le ham áirithe de shaol Chaitlín Maude, amhránaí agus file mistéireach ó Chonamara, Co. na Gaillimhe a fuair bás i 1982 agus í 41 d’aois. In ionad scéil agus structúr dian líneach a leanúint, is é aidhm an chláir ná spiorad agus paisean Chaitlín Maude a léiriu don lúcht féachana trí fhilíocht, cheol agus íomhanna a úsáid. Léiríodh an clár doTG4 i 2005.