gradient-slip (1K)
news
Síol - Gaeilge

Síol

by admin on Mar.03, 2010, under Síol

SÍOL: 6 ghearrscannán ag léiriú tallann nua Stiúrthóireachta agus Scríbhneoireachta i nDrámaíocht Teilifíse na Gaeilge.

Clann atá mar théama ginearálta ag na 6 ghearrscannán a bhí léirithe san scéim SÍOL. Déileáileann gach ceann acu le coincheap an teaghlaigh, áit go bhfuil 6 scéal éagsúla nuascríofa cóirithe don scáileán.

Scéal neamhspleách atá i ngach scannán agus cé go bhfuil éagsúlacht i ngach scéal acu, cuid acu dorcha agus cuid acu geal, tá cur síos i ngach scannán ar aistear dian féinaithne an phríomhcharachtair. Fiosraíonn SÍOL an iomad gné den teaghlach agus ról an teaghlaigh i sochaí comhaimseartha na hÉireann.

Tá gach scannán iontach tarraingteach le drámaíocht ghéar a dhéanann ceilliúradh ar tallann úr-nua.

Craolfar an chéad chlár ‘Náire’ ar TG4 ar an Luan 8 Márta ag 22.00.

sean1

Share/Save/Bookmark


Freagra