Tá Stone Cold Sober faoi 6 leaids as baile beag in Éirinn a d’éirigh as an ól ar feadh tréimhse 6 mhí chun go bhfeicfidh siad cad eile atá le déanamh. Tá sé á craoladh ar RTÉ 2 chuile Dé Máirt ag 10.25.
Anseo ar an mblag ba mhaith linn rudaí a roinnt leat. Ár nuacht a roinnt. Ár smaointe a roinnt. An bailiúchán de rudaí iontacha atá againn a roinnt leat chomh maith. Geallann muid duit an blag seo a uasghrádú go rialta. Ar ndóigh, cuireann muid fáilte roimh do chuid tuairimí, tráchtanna agus do chuid gearáin chomh fada is go bhfuil téagar caoithiúil, fabhrach agus cuiditheach ag baint leo. Is í aidhm an bhlaig seo ná inspioráid agus siamsaíocht a thabhairt chomh maith le díospóireacht a spreagadh. Freisin, coinneoidh muid ar an eolas thú faoin saol anseo in EO Teilifís. Bí ag faire amach!