gradient-slip (1K)
news
Síol - Gaeilge

Síol

Síol

by admin on Mar.03, 2010, under Síol

SÍOL: 6 ghearrscannán ag léiriú tallann nua Stiúrthóireachta agus Scríbhneoireachta i nDrámaíocht Teilifíse na Gaeilge.

Clann atá mar théama ginearálta ag na 6 ghearrscannán a bhí léirithe san scéim SÍOL. Déileáileann gach ceann acu le coincheap an teaghlaigh, áit go bhfuil 6 scéal éagsúla nuascríofa cóirithe don scáileán.

Scéal neamhspleách atá i ngach scannán agus cé go bhfuil éagsúlacht i ngach scéal acu, cuid acu dorcha agus cuid acu geal, tá cur síos i ngach scannán ar aistear dian féinaithne an phríomhcharachtair. Fiosraíonn SÍOL an iomad gné den teaghlach agus ról an teaghlaigh i sochaí comhaimseartha na hÉireann.

Tá gach scannán iontach tarraingteach le drámaíocht ghéar a dhéanann ceilliúradh ar tallann úr-nua.

Craolfar an chéad chlár ‘Náire’ ar TG4 ar an Luan 8 Márta ag 22.00.

sean1

Share/Save/Bookmark

Fag do thuairim more...

Síol

by admin on May.01, 2009, under Síol

Scéim fhorbartha atá i Síol le dies a thabhairt do thailann nua scríbhneoirí nó scríbhneoirí/ stiúrthóirí ón nGaeltacht, nó atá liofa i nGaeilge, script drámaíochta a scríobh agus a chóiriú ó staid bunscripte go staid chraolta ar TG4.

Beidh 6 dhráma teilifíse a fhorbairt faoin téma “An Chlann”.  Baintear ciall níos leithne as an téarma “An Chlann” seachas an tuiscint thraidisiúnta a mbaintear as an téama de ghnáth.

Roghnaíodh sé thogra as an hiarratais agus tá taaíocht oiliúna agus forbartha dhá thabhairt do na scripteanna. Deanadh forbairt ar na scripteanna faoi stiúir eagarthóir scripte, Paul Mercier. Réiteofar na tograí mar chuid de dhá cheardlann, (scríbhneoireachta agus stiúthóireachta), sula ndéanfar iad a léiriú agus a chraoladh i mí Bealtaine 2010 ar TG4.

Tuilleadh eolas; Christine Ní Chonchubhair, Gréasán na Meán 091-558400

san-eangach

Share/Save/Bookmark

Fag do thuairim more...