Author Archive
Síol
by admin on Mar.03, 2010, under Síol
SÍOL: 6 ghearrscannán ag léiriú tallann nua Stiúrthóireachta agus Scríbhneoireachta i nDrámaíocht Teilifíse na Gaeilge.
Clann atá mar théama ginearálta ag na 6 ghearrscannán a bhí léirithe san scéim SÍOL. Déileáileann gach ceann acu le coincheap an teaghlaigh, áit go bhfuil 6 scéal éagsúla nuascríofa cóirithe don scáileán.
Scéal neamhspleách atá i ngach scannán agus cé go bhfuil éagsúlacht i ngach scéal acu, cuid acu dorcha agus cuid acu geal, tá cur síos i ngach scannán ar aistear dian féinaithne an phríomhcharachtair. Fiosraíonn SÍOL an iomad gné den teaghlach agus ról an teaghlaigh i sochaí comhaimseartha na hÉireann.
Tá gach scannán iontach tarraingteach le drámaíocht ghéar a dhéanann ceilliúradh ar tallann úr-nua.
Craolfar an chéad chlár ‘Náire’ ar TG4 ar an Luan 8 Márta ag 22.00.

Ó Bhearna go Carna
by admin on Feb.10, 2010, under Eo Teilifís
Sraith de cheithre chlár bhreathnaitheacha faisnéise is ea “Ó Bhearna go Carna” ina dtugtar léargas ar ghnáthshaol laethúil sheisir a bhfuil cónaí orthu idir Bearna agus Carna. Thar thréimhse an tsamhraidh, ó Bhealtaine go Meán Fómhair 09, tabharfaidh na cláir neamhfhoirmiúla faisnéise seo portráidí pearsanta, sainiúla agus corraitheacha den saol mar atá ar chósta thiar na hÉireann.
Beidh sé á craoladh ar TG4 ar 21ú Feabhra, 2010.

Stone Cold Sober
by admin on Jan.19, 2010, under Stone Cold Sober
Tá Stone Cold Sober faoi 6 leaids as baile beag in Éirinn a d’éirigh as an ól ar feadh tréimhse 6 mhí chun go bhfeicfidh siad cad eile atá le déanamh. Tá sé á craoladh ar RTÉ 2 chuile Dé Máirt ag 10.25.
