Ag Súil
by admin on Oct.04, 2011, Faoi Eo Teilifís
Leirimid scéal Prisscilla Connolly, 19, as Ros a Mhíl atá sé mhí ag súil. Bhí pleanna mór ag Prisscilla, dul ag an coláiste, céim a bhaint amach agus an domhain a fheiceáil lena chuid chairde. Ach bhí uirthi na pleannanna sin a chur ar ceal, i gceann míosa beidh leanbh óg faoina curám.
Le ceithre bhliain anuas tá Prisscilla ag dul amach lena buachaill chara, Pádraig. Nuair a fuair sí amach go raibh sí ag súil, bhí faitíos uirthi an nuacht a thabhairt dhó, nuacht a raibh chun saol na beirte a athrú go deo. Bhí áthas an domhain uirthi nuair a cheap Pádraig gur deá-scéal a bhí ann.
Sa chlár bhreathnaitheach faisnéise seo insíonn muid scéal pearsanta Padraig agus Prisscilla. Tabharann an chlár seo amharc macánta dúinn ar a shaol agus iad ag ullmhú don athrú saoil atá amach rompu. Seo scéal pearsanta na Prisscilla agus Padraig.
Craolfar an chlár ar TG4 ar an 30ú Samhain 2011.
Ó Bhearna go Cárna 2
by admin on Jan.18, 2011, Faoi Eo Teilifís
Tá “Ó Bhearna go Carna” ar ais! I mbliana leiríonn muid paisean, diongbháilteacht agus cruatan seisear carachtar a dhéanann obair dheonach i gConamara. Breathnaímid isteach i saol na n-oibrithe deonach seo a thugann am agus fuinneamh do roinnt eagraíochtaí éagsúla ar nós “Garda Cósta – Cuan Casla”, “Tionscadal Leanaí Chernobyl”, “Madra”, “To Russia with love”, “Foireann Tarrthála Sléibhe na Gaillimhe” agus “Ionad Lae Aosach ceantar na noileán” . Tugann an tsraith seo amharc dúinn ar shaol a bhíonn brónach amanna agus greannmhar amanna eile, ach é fíor i gcónaí.
Tugann “Ó Bhearna go Carna 2” leargas ar shaol atá chomh háitiúil agus chomh tábhachtach don saol in Éirinn. Tá buntáiste faighte ag cuid mhaith ó na daoine iontacha seo agus beidh deis againne bualadh le roinnt mhaithe eile sa straith seo a bhfuil ag tosnú ar TG4 Dé Domhnaigh 9ú Eanair 2011 ar 21:30. Bígí linn.
Údar
by admin on Sep.29, 2010, Faoi Údar
Tá gach scannán iontach tarraingteach le drámaíocht ghéar a dhéanann ceilliúradh ar tallann úr-nua.
Craolfar an chéad chlár Malartú Intinne ar TG4 ar an 6ú Eanair, 2011 ag 22.30.
