EOLAS FÚINNE
Tháinig Eo Teilifís ar an saol sa bhliain 1989. An aidhm atá againn ná cláracha teilifíse ar ardchaighdeán a sholathaor. Tá na háiseanna idir áiseanna daonna agus trealamh againn chun an bunsmaoineamh a fhorbairt, ón gcéim scripte go dtí an clár críochnaithe ar scáileán. Tá meitheal breá lucht léiriúcháin ag obair in Eo Teilifís, iad fuinniúil, díograiseach, neart taithí acu agus fáilte i gcónaí acu roimh aiseolas ó dhaoine taobh amuigh.