gradient-slip (1K)

FÁILTE

Comhlacht neamhspleách léiriúcháin teilifíse is ea Eo Teilifís atá lonnaithe sa Chuasnóg ar an Spidéal i gCo. na Gaillimhe. Léiríonn Eo Teilifís cuid mhór cláracha drámaíochta agus faisnéise doTG4 agus doRTÉ.

Ionad speisialta is ea an Chuasnóg, áit a ndéantar taifead ar an sobaldrámaRos na Rún ar feadh sé mhí de bhliain gach bliain agus ina gcuirtear béim mhór ar chúrsaí oiliúna trí ‘Greasán na Meán’. Tá Eo Teilifís iontach bródúil go raibh agus go bhfuil ról lárnach ag an gcomhlacht san oiliúint atá faighte ag cuid mhór de na daoine atá anois ag obair i ngnó na teilifíse.